Fad: 18 mí
Buiséad: Suas le €62,500 ag brath ar an dáta tosnaithe.
Dáta dúnta d'iarratais ná Domnach 25 Feabhra 2024
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
An Cuireadh
Cuirimid fáilte roimh ealaíontóirí pobail ó gach réimse ealaíne cur isteach ar an deis a bheith ina ealaíontóir neadaithe laistigh de phobal agus éiceachóras ar leith na Machairí ar chósta thiar na hÉireann. Tá gá ag an tionscadal seo le healaíontóir(í) go bhfuil áit lárnach ina chleachtas ag an éisteacht cháiréiseach agus an comhchruthú, toisc go bhfuilimid ag fiosrú a chasta is atá sé peirspictíochtaí agus nósanna iompair nua a shamhlú agus a chruthú chun ár ndomhan claothchlathach a thuiscint.
Beidh an t-ealaíontóir/na healaíontóirí a roghnófar ag obair go dlúth le hionadaithe ó phobal na Machairí, ag tacú leo agus ag léiriú a bhfiosrú siúd dá róil anois agus amach anseo ag cur a gceantar in oiriúnt agus ag cosaint bithéagsúlachta in aghaidh iarmhairtí an athrú aeráide chomh maith leis an éirí atá tuartha le teacht ar leibhéal na farraige. Beidh an t-ealaíontóir/na healaíontóirí ag tabhairt faoi aistear foghlama i dtógáil cumais i dteannta deichniúr ionadaithe ón bpobal. Beidh seo comhordaithe ag grúpa stiúrtha áitiúil, ag fiosrú oiriúnú an chósta le saineolaithe, i measc tionscadal pobal-stiúrtha eile, chun peirspictíochtaí trasdhisciplíneacha agus iomlánaíocha ar bhealaí isteach sa todhchaí a spreagadh.
Táimid ag lorg ealaíontóir(í) le taithí mhaith de bheith ag úsáid phróisis cruthaithigh chun teacht ar shlite nua le smaoineamh agus fiosrú a dhéanamh timpeall ar cheisteanna casta laistigh de phobail. Táimid ag lorg:
- Fianaise láidir de chleachtas cruthaitheach agus samhlaíoch.
- Cumas maith éisteachta agus comhoibrithe le réimse leathan de pháirtithe leasmhara.
- Taithí shuntasach de bheith ag obair le pobail agus i gcomhthéacs neamh-ealaíne.
- Duine atá ar a chompord ag labhairt ag imeachtaí poiblí agus ag plé ceisteanna casta le réimse éagsúil luchtanna éisteachta.
- Feasacht timpeall ar, agus spéis in, eolas a fhorbairt trasna réimse de phríomhthéamaí tionscadail; dúshláin agus deiseanna d'inmharthanacht láithreacha cois cósta, maolú agus oiriúnú athrú aeráide, bithéagsúlacht cois cósta agus turasóireacht athghiniúnach.
Beidh gníomhaíochtaí an tionscadail bunaithe go príomha sna Machairí, le spás oifige ar fáil ag Dingle Hub más gá. Ní gá don ealaíontóir a bheith ar an láthair sna Machairí le linn an tionscadail ar fad, ach beidh orthu ar a laghad 60 lá a chaitheamh ann idir Aibreán agus Meán Fómhair ag déanamh cumarsáid leis an bpobal ann agus ag foghlaim uaidh gach bliain.
Chun iarratas a dhéanamh léigh Treoir an Ealaíontóra ina hiomlán ar dtús agus seol isteach an t-eolas seo a leanas i bhfoirm PDF (nach bhfuil níos mó ná 10MB) go This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
- CV le sonraí teagmhála, ag cur síos ar do cháilíochtaí agus taithí go dtí seo.
- Trí shampla ábhartha d'obair déanta cheana féin, m.sh. Cumarsáid pobail srl.
- Ráiteas pearsanta ag cur síos ar do thiomantas agus fís i leith an tionscadail – suas le 500 focal.
Cuirimid fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí aonair, grúpaí nó comharghrúpaí. Is é an dáta dúnta d'iarratas Domhnach 25 Feabhra 2024.
Creative Coastal Resilience is a recipient of the Creative Climate Action fund, an initiative from the Creative Ireland Programme. It is funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media in collaboration with the Department of the Environment, Climate and Communications. Further information on the Climate Action Fund is available at the following link: www.creativeireland.gov.ie
Faigheann Teacht Aniar Cruthaitheach Cóstaí maoiniú ón gCiste Gníomhaíochta Aeráide Cruthaithí, tionscnamh de chuid Chlár Éire Cruthaitheach. Tá sé maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán i gcomhpháirt leis an Roinn Timpeallachta, Aeráide agus Cumarsáide. Tá tuilleadh eolais faoin gCiste Gníomhaíochta Aeráide Cruthaithí le fáil ag an nasc seo a leanas: www.creativeireland.gov.ie